Maidir le

Tugann an leathanach seo eolas ar a bhfuil sa bhunachar sonraí Sources agus ar a bhunús.

Chun eolas cothrom le dáta a fháil ar bhailiúcháin Leabharlann Náisiúnta na hÉireann féach le do thoil ar Chatalóg LNÉ

Ábhar

Díorthaítear na taifid in Sources: bunachar sonraí Leabharlann na hÉireann le haghaidh taighde na hÉireann ó na catalóga seo a leanas a d’fhoilsigh Leabharlann Náisiúnta na hÉireann:

  • Manuscript Sources for the History of Irish Civilisation (1965, le forlíonadh i 1975, agus leanadh ar aghaidh le foilsiú na dtaifead ina dhiaidh sin i bhfoirm catalóige ar chártaí nach raibh ar fáil roimhe sin ach i seomra léitheoireachta lámhscríbhinní na Leabharlainne)
  • Sources for the History of Irish Civilisation: Articles in Irish Periodicals (1970)

Tá breis agus 180,000 taifead catalóige sa bhunachar sonraí, lena n-áirítear:

  • Lámhscríbhinní na Leabharlainne Náisiúnta a cuireadh i gcatalóga suas go dtí na 1980í
  • Lámhscríbhinní Éireannacha a choimeádtar i leabharlanna agus i gcartlanna eile in Éirinn agus ar fud an domhain, a liostaíodh idir na 1940í agus na 1970í
  • Ailt, léirmheasanna agus ábhar eile a foilsíodh in os cionn 150 tréimhseachán Éireannach (íoslódáil liosta iomlán de na hiriseáin) go dtí 1969

Go hiondúil léiríonn ábhair thaifid na cinntí a tógadh le linn an chéad tionscadail catalógaithe agus innéacsaithe, agus léiríonn siad sealbhúcháin na leabharlann agus na gcartlann mar a bhí nuair a bhí an obair sin ar bun.

Léigh tuilleadh faoi stair Sources thíos.

Cúlra

Sheol Stiúrthóir na Leabharlainne Náisiúnta, Richard J. Hayes, mórthionscadal catalógaithe agus innéacsaithe i 1941 a mhairfeadh ar feadh breis is 30 bliain.

Thuig Hayes an tábhacht a bhí leis go mbaileodh an Leabharlann Náisiúnta “gach foinse faisnéise faoi gach rud a bhaineann le hÉirinn nó le muintir na hÉireann i gcás gach tréimhse”. Mar thacaíocht don fhís sin, chuir sé tionscadal ar bun chun lámhscríbhinní Éireannacha nach féidir a macasamhail a fháil a liostáil, cibé áit ar aimsíodh iad, agus chun ábhar na n-iriseán Éireannach is tábhachtaí a innéacsú. Cuireadh taighdeoirí amach chuig breis is míle leabharlann agus cartlann i 30 tír chun ábhar lámhscríbhinne a aimsiú, a thaifeadadh, agus i gcuid mhaith cásanna chun micreascannán a dhéanamh díobh. D’aimsigh siad gar do 100,000 lámhscríbhinn, ó idir na mainistreacha iargúlta is lú ar domhan agus mhórbhailiúcháin na Leabharlainne Náisiúnta féin.

Rinne foireann na Leabharlainne innéacsú freisin ar gach alt, dán agus léirmheas i tréimhseachán tábhachtacha as Éirinn thar beagnach 200 bliain. Bhí an ceann ba luaithe acu ag dul siar go dtí 1785. I measc na n-iriseán a innéacsadh bhí cinn a d’fhoilsigh na mórchumainn léannta agus áitiúla, leasa trádála agus gnó, comhlachtaí reiligiúnacha, institiúidí teicneolaíochta agus ollscoileanna, chomh maith le hiriseáin litearthachta bheaga a raibh baint ag scríbhneoirí cosúil le WB Yeats leo.

Foilsíodh na taifid a chruthaigh siad mar Manuscript Sources for the History of Irish Civilisation (1965, le forlíonadh i 1975, agus leanadh ar aghaidh le foilsiú na dtaifead ina dhiaidh sin i bhfoirm catalóige ar chártaí nach raibh ar fáil roimhe sin ach i seomra léitheoireachta lámhscríbhinní na Leabharlainne) agus Sources for the History of Irish Civilisation: Articles in Irish Periodicals (1970). 23 imleabhar mhóra a bhí i gceist seo go léir, ina raibh os cionn 17,000 leathanach de thaifid. Ar feadh na mblianta, ba mhór an cúnamh a thug an acmhainn mhór mhillteach seo d’aon duine a raibh spéis acu in Éirinn agus i muintir na hÉireann. Ní raibh rochtain uirthi áfach ach trí chuairt a thabhairt ar an líon teoranta leabharlann agus ollscoileanna ina bhfuil sraitheanna iomlána de na catalóga priontáilte seo.

In 2007, chuir Leabharlann Náisiúnta na hÉireann tús le tionscadal chun na taifid luachmhara seo a thiontú ina mbunachar sonraí ar líne a bheadh inchuardaithe go hiomlán, Sources: a National Library of Ireland database for Irish Research